Kentucky
Táim i mo chónaí i Kentucky i Meiriceá le 7 mí anuas. Táim ag freastáil ar The University of Kentucky anseo i Lexington.
"You need not praise the Irish language, simply speak it." Podchraoladh agus Blag i nGaeilge ó B.Á.C.
Táim i mo chónaí i Kentucky i Meiriceá le 7 mí anuas. Táim ag freastáil ar The University of Kentucky anseo i Lexington.
Cá mbeidh sich 9.30am amárach? Beidh mé ag déanamh m'ardteist! Abair paidir dom, beidh sé ag teastáil uaim!
Is féidir libh breathnú ar an suíomh nua a bheidh ag Raidió na Life go luath ag www.rnl106.com/new
Scríofa ag
Pádraig Schaler
ag
9:43 AM
0
Trácht
Labels: Raidió na Life
"On that date, I will also tender my resignation as Uachtarán FHianna Fáil."
Is ag an bpointe sin gur thuig mé go maith nárbh é féin a cheap, ná a chum an oráid agus an bhéim á leagadh ag ár n-iarthaoiseach ar an seimhiú, ach bhí sé go maith ar aon chuma an píosa beag Gaeilge sin a chlóisteáil. Is mór an trua, nár thug sé an oráid ar fad trí mhéan na Gaeilge, ach faraor ní raibh Gaeilge ag iarthaoiseach na tíre seo. Is ait an rud é go raibh duine gan Ghaeilge i gceannas ar Fhianna Fáil ar an gcéad dul síos.
Bhunaigh Éamon de Valera an páirtí ar an 23ú lá de mhí Mhárta 1926 tar éis scaoilt i Sinn Féin. Bunaíodh é le trí bhunaidhm:
1. An tír a athaontú
2. Tír leordhóthanach a chruthú
3. An Ghaeilge a neartú.
Bhí grá ollmhór ag de Valera don teanga mar a léirigh sé in óráid a
thug sé ar Lá Fhéile Pádraig 1943: "Is níos mó ná siombail í (An
Ghaeilge); is páirt riachtanach í dár náisiúntacht. Déineadh í a mhúnlú
trí mhachnamh na céadta glúin a d'imigh romhainn.....tá sí níos
luachmhaire ná mar is féidir a thomhas".
Is dócha go mbeadh sé mí-shocháir go maith ina uaigh dá gtuigfeadh sé go raibh
duine gan Bhéarla chruinn, gan tagairt don Ghaeilge, i gceannas ar an
bpáirtí a bhunaigh sé siar i 1926 leis an bhfís/aisling ídéalach
sin.
Is ait an rud é freisin, gurbh é ár gcara Parthalán Ó hEachthairn a bhí ag cur bac ar Cheisteanna na gCinnirí a bheith tré mheán na Gaeilge, ba eisean an t-aon cheannaire ar
pháirtí ar bith sa Dáil gan Ghaeilge ar a dtoil acu. Is aisteach an rud é freisin gurbh é chomh maith a bhí i gceannas ar an taon pháirtí a raibh neartú na Gaeilge mar bhunaidhm acu! (Tá tuar dóchais ann go dtósnóidh Enda Kenny ag cur ceisteanna ar Bhrian Cowen trí Ghaeilge, mar a gheall sé, ó mhí Bhealtaine ar aghaidh)
Dá mbeadh meas ceart ag Parthalán Ó hEachthairn agus a chomhghleacaithe ar oidhreacht agus stair an pháirtí mar aon leis an nGaeilge í féin bheadh sé tar éis a sheacht ndícheall a dhéanamh gnó iomlán na Dála a bheith trí Ghaeilge mar a rinne rialtas na Catalóine i ndiaidh dóibh a bparlaimint fhéin a bhunú sa bhliain 1980. Tá fiú dlíthe sa Chatalóin a chuireann iachall ar ghnóthlachtaí uile gach eolas, ar nós biachláir agus fógraí, a bheith i gCatalóinis. Bá chóir go mbeadh náire orainn mar
náisiún.
Tá roinnt den lucht ar na meáin, áfach. Tá Teachtaí Dála ag maíomh le fada an lá nach dtugann na meáin Bhéarla ard ar bith ar chaint i nGaeilge. Léiríodh go raibh an ceart acu nuair nach bhfuair an chuid bheag d'oráid Bhrian Cowen a bhí i nGaeilgei ndiaidh dó a bheith tofa mar uachtarán Fhianna Fáil, fiú tagairt bheag ar phríomhnuacht na tíre ag a 6:01 an oíche sin - nó ar Nuacht ar bith ar éist mé leis an lá sin. Bhí cúis dhóchais le haithint ann áfach, seo giota beag den mhéad a bhí le rá ag ár dtaoiseach nua-thofa:
"I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais(............)Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nach féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di. De bhárr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn Gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már chéad teanga againn mar bheimís ag éisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo. Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréan-iarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn. (........) Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach."
Cé nach bhfuil sé ar an gcaighdeán ceanna le horáid de Valera, tá sé i bhfad Éireann níos fearr ná rud ar bith a dúirt Parthalán Ó hEachthairn agus i gceannas ar an bPáirtí le deich mbliana anuas. Feicfimid conas a éireoidh le Brian
Cowen. Beidh le feiceáil! Ach, mar a deirtear – tús maith leath na hoibre!
Scríofa ag
Pádraig Schaler
ag
9:39 PM
0
Trácht
Labels: an saol, Bertie Ahern, gaeilge, irish language
Beidh mé ag cur cláir i láthair Dé hAoine seo óna 4:30-6:00pm ar Raidió na Life
106.4fm.
Is féidir libh éisteacht leis an gclár ar an raidió i mBÁC agus ar an idirlíon ar fud an domhain (anseo http://azul.streamguys.com/rnl106)
Is féidir libh teasc a sheoladh isteach i rith an cláir ag a 0866001064 nó ríomhphost ag eolas@rnl106.com,agus deirfidh mé hello libh.
Scríofa ag
Pádraig Schaler
ag
8:45 PM
1 Trácht
Labels: Raidió na Life
Ní inniu ná inné a thoaigh daoine ag baint usáide as cócaon ná drúga ar bith eile. Téann fréamhacha na faidhbe sias sa stair. Ach is sna saolta deirenaacha go bhfuil an fhadhb tar éis forbairt. Ní hamháin cócaon, ach hearán chomh maith, tá údar imní ann. Tá sé deacair an tracht a chloisteáil ar dhrochthoradh éiin a chúisigh drugaíach, muna mbaineann sé leat, is annamh a dhéantar mórán machnaimh air, de gnáth déantar dearmad ar lastigh d chúpla nóiméad - tá an saol ró-ghnóthach. An cuma le héinne faoi na hadúiligh éadochasacha? Ní fheadar. Ach cén fáth, le déanaí in Éirinn, go bhfuil roinnt mhaith daoine tar éis bás a fháíl me thoradh ar chócaon? Tá freagra na ceiste sin agam.
Le déanaí, tá cúpla duine, Katie French ina measc tar éis bás a fháil mar thoradh ar úsáid cócaoin. Cé nach bhfuil bás Katie níos measa nó níos fearr ná bás an leaid óig i bPort Láirge, bhí clú agus cáil uirthi agus de bhrí in glacadh níos mó aird ar a bás. Níl insint béil ar an méid bróin a chúisíonn básanna gan ghá.
Chun cúis a mbás a fhiosrú, caithimid dul siar go Samraidh na bliana seo caite, an triú lá de mhí Iúil 2007. Cuireadh bád go tóin poill i gCam Uí Néid, Contae Chorcaí. Tháinig na Gardaí Síochánda agus Gardaí Chosta na hÉireann ar seasca haon beart, ar luach céad agus a seacht milliúin Euro ag snámh san fharraige. Ach, ar an drochuair, bhí seasca dó beart ar an mbád. Tá se fíor-dainséireach cócaon tais a ghlacad. Maíonn na Gardaí nach raibh nasc ar bith idir an sraith bása thit amach le déanaí agus an cócaon tais. Dúirt siad áfach, go raibh éigin ag cócaon tais le bás an leaid óig as Port Láirge. Níl siad ag iarraidh go gcuirfí lucht ar bith orthu agus óireana na báis seo dóibh le heagla a chur ar dhaoine roimh an drúga. Ach, creidim go láidir gur ghlac béag nó mór gach duine a fuiar bás mar thoradh ar úsáud cócaoin le déanaí cócaon ón mbeart marfachsin a d'éalaigh óna Gardaí. Sílim go dtuigeann na hiriseoirí ar fad é seo ach, go bhfuil eagla orthuscríobh faoi toisc go bhfuil an baol anngo gcuirfidh clanna na marbh an dlí orthu, mar atá Wayan O'Donahugh ag déanamh faoi láthair.
Ach, é sin raite, maraítar daoine toisc fáthanna eile tar éís dóibh drúga éigin a usáid. Tá go leor fáthanna éagsúla go dcasanna daoine ar dhrúgaí - fáthanna pearsanta atá ann de ghnáth. Mathaíonn go leor dóibh nach bhfuil fáth lena saol, casann siad ar dhrugaí agus is andúiligh iad gan mhoill. Tá sé deacair don ghnáthphobal a thuiscint an dóígh a bhfaigheann na drúgaí greim daingean ar dhaoine tar éís dóibhtrial a bhaint astu. Tosnaíonn na handúilih ag gadaíóchtchun airgead a shaothrú dá n-ándúilíocht agus go luath bíonn siad sáte sa bhfáinne fí, is saol ainnis atá romu san fhadthéarma.
Cad gur féidir linn, nó leis an rialtas a dhéanamh chun feabhas a chur ar an bhfadhb? Cosnóidh sé airgead mór dul i ngleic leis an bfadhb i gceart, ach is pinginí suaracha an méid sin airgid i gcompráid leis an suim ollmhór a bheidh le caitheamh amach anseo chun an scéal a chur ina cheart. Dar liom, is é patról ar gcóstaí a céad ghníomhacht a chaithfidh ár rialtas feabhas a chur air. De réir tuairsc a d'fhoilsigh fíú an CIA le déanaí, níl go leor á dhéanamh ag an rialtas lenár gcóstí a chosaint.
Tá sé de dhualgas orainn mar shochaí diriú ar fhadhb na ndrugaí. Samhlaigh saol amach anseo dá gcuirfeadh ár rialtas deireadh iomlán le drúdaí in Éirinn. Cuirfeach sé deireadh le go leor coiriúlachta agus bochtanais sa thír. Tá na fadhbanna fite fúaite ina chéile. Dushlán damánta a bheadh ann, ach ba fhiú go mór é. Ní tharlóid sé riamh, ach smaoineamh deas atá ann.
Tá ceist mhór thromchúiseach pléite agam cé nach mbeidh deireadh go deo le fadhb na ndrugaí, tá práinne na faidhbe tar éis dul i bhfeidhm go mór ar an bpobal faoi dheireadh thiar thall agus de bhrí sin tiocfaidh feabhas ar an bhfadhb. B'fhéidir go raibh maitheas éigin ag baint le bás atie sa deireadh.
Podchraoladh 16
Éist leis anseo
Sa phodchraoladh seo bím ag caint mar gheall ar 'Oxegen', an aimsir!, an timeall, Charlie Mc Creavey and tá píosa ceoil againn ó Fall Out Boy darbh ainm 'Dead on Arrival'
Joke:
"Lá amháin, bhí fear ag siúil trasna na sléibhte nuair a tháinig tart air. Stad sé in aice le sruthán. Ó nach raibh buideal ná rud ar bith eile aige, rinne sé cupán lena lámh agus thosaigh sé ag ól an uisce as an tsruthán.
Ag an am chéanna, bhí feirmeoir beag ag teacht anuas ón chnoc lena chuid chaoraigh. Chonaic an feirmeoir beag an fear eile agus ghlaoigh sé “Hóigh! Ná hól an t-uisce sin, níl sé glan.”
Thóg an fear eile a cheann ach ní raibh sé á chluinstin go ceart agus chuaigh sé ar aghaidh leis an uisce ól.
Shiúil an feirmeoir go socair i dtreo an fhir eile agus scairt sé arís “Ná hól an t-uisce sin, tá sé iontach salach.”
Ach níor thug an fear eile aird dó.
Ansin, shiúil an feirmeoir díreach chuige agus ars seisean “Níorbh chóir duit a bheith ag ól an uisce sin ar chor ar bith, nach bhfuil fhios agat go ndéanann na caoraigh an cuid chaic sa tsruthán thuas ar mullach an chnuic ?”
“I’m dreadfully sorry my good man, I couldn’t understand a word you said” ars’ an fear eile, agus blas fíneáil Sasanach ina ghlóir.
"Oh I see" ars’ an feirmeoir, "I was just saying, erm……… if you use both hands"
Ceist na Saechtaine:
Cén fhocal Béarla atá an fuaim ceanna aige nuair a bhaintear 4 as a 5 litir uaidh? Seol an freagra chugaim at ealas@ansaol.com
Pictiúir den láib ag Oxegen
Razorlite ag Oxegen:
Scríofa ag
Pádraig Schaler
ag
4:31 PM
1 Trácht
Labels: aimsir, an saol, an saol. irish language, fall out boy, gaeilge, joke, oxegen
Tá laethanta saoire an tsamhraidh tosaithe le tamall anuas anois agus bhí sé i gceist agam na mílte rudaí a dhéanamh le m'am saor ar fad, i measc na rudaí na an blag seo agus an podchraoladh seo. Ach, tuigim anois go raibh an t-am agam roimhe seo, an t-aon rud a raibh in easnamh ná an féin-araíonacht.
Go dtí seo níl mórán déanta agam, chonaic mé an chéad séasúr de Prison Break ar DVD (tá sé go hiontach) agus bhíos ag snámh minic go leor.
Tá sé i gceist agam anois cúpla podchraoladh maithe a dhéanamh sna seachtainí atá roinn. Agus má leanann an droch-aimsir beidh níos mó!
Nílim cinnte caitheann a bheidh an chéad ceann, ach tá súil agam go mbeidh sé agam i seachtain (nó dhó!).
Scríofa ag
Pádraig Schaler
ag
8:12 PM
1 Trácht
Labels: an saol. irish language, gaeilge